Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Farantóireachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 22 October 2014

Wednesday, 22 October 2014

Ceisteanna (27)

Seán Kyne

Ceist:

27. D'fhiafraigh Deputy Seán Kyne den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad é an t-eolas is deireanaí maidir le síniú an chonartha nua don tseirbhís farantóireachta go hInis Mór roimh dheireadh na míosa seo; cén fáth nach ionann na táillí do na seirbhísí idir na hoileáin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40140/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta gur thug mo Roinn faoi phróiseas tairisceana d’fhonn iarracht a dhéanamh conradh farantóireachta paisinéirí a aontú don oileán sin. Comhairlítear dom nach mbeadh sé cuí níos mó a rá mar gheall air ag an bpointe seo. Tá an tseirbhís reatha go dtí an oileán sin á reáchtáil ar bhonn príobháideach. Dá bhrí sin, níl aon ionchur ag mo Roinn sna táillí a ghearrtar ar na paisinéirí.

Barr
Roinn