Baineann saincheisteanna maidir le hirisí Gaeilge le gnóthaí oibríochtúla Fhoras na Gaeilge agus níl ról sonrach agam féin mar Aire Stáit ina leith.
É sin ráite, tuigim go mbíodh Foras na Gaeilge ag cur maoinithe ar fáil do roinnt irisí Gaeilge i bhfoirm chlóite nó ar líne, ina measc An Sagart, An Timire, An tUltach, Beo.ie, Comhar, Feasta, Gaelport, NÓSmag agus SAOL. Mar thoradh ar chinneadh na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas, chuir Foras na Gaeilge socruithe nua maoinithe i bhfeidhm do na heagraíochtaí ceannais ón 1 Iúil 2014 agus tháinig deireadh dá réir leis an maoiniú do na hirisí a bhí ceangailte leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe.
Tuigim ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil sé mar aidhm aige pobal léitheoireachta na Gaeilge a spreagadh agus an iriseoireacht Ghaeilge a chothú tuilleadh trí dhíriú ar ábhar léitheoireachta a chur ar fáil saor in aisce ar líne. Mar shampla, tá nuachtán seachtainiúil ar líne á fhoilsiú ag Tuairisc.ie faoi chonradh ceithre bliana ó Mheán Fómhair 2014; iris stíl mhaireachtála á sholáthar ag NÓSmag go míosúil; agus iarratais faoi scéim le haghaidh foilseachán liteartha/cúrsaí reatha á measúnú faoi láthair.