Éamon Ó Cuív
Ceist:1058. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cén fáth go bhfuil aithbhreithniú á dhéanamh ag Uisce Éireann ar scéim uisce réigiúnach Chasla nuair atá an togra seo ag teastáil go práinneach agus nuair atá sé beagnach réidh le dul ar aghaidh; an raibh ar Uisce Éireann cead ón Aire a fháil don bheartas seo; an bhfuil sé i gceist aige treoir a thabhairt d'Uisce Éireann dul ar aghaidh láithreach leis an togra seo agus Loch Ghleann Mhac Muirinn a úsáid mar fhoinse uisce agus an bhfuil an imní atá ar dhaoine sa cheantar faoi chaighdéan an uisce ann á cur i gcuntas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [42024/14]
Amharc ar fhreagra