Faoi Imlitir 0062/2013, a foilsíodh agus an Deontas Mionoibreacha á eisiúint don scoilbhliain 2013/2014 i Mí na Samhna seo caite, cuirfear maoiniú ar fáil do gach bunscoil a bhfuil lánaitheantas aici ar an mbonn "nach n-íocfar an deontas sna blianta amach romhainn ach nuair a bheidh an maoiniú á cheadú sin". Taobh amuigh de na trí scoil atá liostaithe, tá lánaitheantas ag gach bunscoil eile i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6, 6w, 8, 10, 12 agus 20. Ag an dtráth seo, níl aon mhaoiniú ar fáil as leithdháileadh airgeadais mo Roinnese do 2014 chun an Deontas Mionoibreacha do 2014/2015 a íoc. Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim le Chéile Phort na Sliogán, Foirgnimh Dhumhach Thrá, Bóthar Chúirt Shíomóin, Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath 4 – Uimh. Rolla 20441S.
Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim le Chéile Portobello, 16 Ardán Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 – Uimh. Rolla 20430N.
Scoil Náisiúnta John Scotus, Bóthar Northumberland, Baile Átha Cliath 4 – Uimh. Rolla 20103V.