Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 December 2014

Tuesday, 9 December 2014

Ceisteanna (199)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

199. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe cén líon daoine atá ag obair ina Roinn faoi láthair atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge; cén céatadán den fhoireann atá i gceist; comparáid a dhéanamh idir na figiúirí sin agus na figiúirí céanna in 2004, 1994, 1984 agus 1974. [47291/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar fhreagra ar cheist an Theachta, is féidir liom a dhearbhú go bhfuil de chumas ag ochtar ball foirne obair na Roinne a  dhéanamh trí Ghaeilge, is ionann sin agus thart ar 1% den líon foirne. B'fheidir go bhfuil cuma íseal ar an bhfigiúr seo, ach is cinnte gur leor é chun freastal a dhéanamh ar riachtanais na heagraíochta. Mar gheall ar an ról ata aici, ni bhíonn mórán plé ag mo Roinn leis an ngnáth-phobal, cur i gcás i gcomhthéacs scéimeanna nó seirbhísí dírithe ar dhaoine aonair a sholáthar. Mar sin féin, déanann mo Roinn monatóireacht ar an éileamh atá ar a chuid seirbhísí trí mhéan na Gaeilge chun a chinntiú go gcomhlíontar é. Níl aitheantas tugtha do aon phoist nó réimsí oibre faoi mo chúram go mbeadh gá acu le hoifigigh atá inniúil sa dá theanga.

Mar nár cuireadh mo Roinn ar bun ach i 2011, nílim in ann níos mó anailíse a chur ar fáil.

Barr
Roinn