Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 December 2014

Tuesday, 9 December 2014

Ceisteanna (243)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

243. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén líon daoine atá ag obair ina Roinn faoi láthair atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge; cén céatadán den fhoireann atá i gceist; comparáid a dhéanamh idir na figiúirí sin agus na figiúirí céanna in 2004, 1994, 1984 agus 1974 [47279/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá 72 comhalta foirne i mo Roinn a bhfuil cáilíocht inniúlachta i nGaeilge acu. Tá 265 comhalta foirne breise a rinne freastal ar cheachtanna Gaeilge. Níl an t-eolas seo ar fáil i mo Roinn maidir leis na blianta 2004, 1994, 1984 ná 1974.

Barr
Roinn