Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Fhoireann Rannach

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 December 2014

Tuesday, 9 December 2014

Ceisteanna (251)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

251. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cosanta cén líon daoine atá ag obair ina Roinn faoi láthair atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge; cén céatadán den fhoireann atá i gceist; comparáid a dhéanamh idir na figiúirí sin agus na figiúirí céanna in 2004, 1994, 1984 agus 1974 [47283/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Comhlíonann an Roinn Cosanta forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, ina n-iomlán. Bíonn teagmháil theoranta ag an Roinn leis an bpobal i gcoitinne agus, mar thoradh air sin, bíonn éileamh íseal le haghaidh seirbhísí laethúla trí mheán na Gaeilge.

D’fhonn riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 a chomhlíonadh chun na príomhdhoiciméid chorparáideacha a fhoilsiú i mBéarla agus i nGaeilge, baineann an Roinn úsáid as seirbhísí gairmiúla aistriúcháin do dhoiciméid dá leithéid. Mar atá foráil déanta dó ina Scéim Teanga reatha agus ina Scéimeanna Teanga a bhí ann roimhe seo, baineann an Roinn úsáid as buíon foirne atá inniúil sa Ghaeilge. Tá an bhuíon seo bunaithe ar bhonn deonach chun cuidiú le Brainsí na Roinne seirbhísí do chustaiméirí a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge, má bhíonn gá leo.

Faoi láthair tá seachtar ball foirne sa bhuíon seo ar bhonn deonach agus, go dtí seo, is léir go bhfuil dóthain ann chun riachtanais na gcustaiméirí a thagann aníos a chomhlíonadh. Níl taifid ag an Roinn de bhaill foirne leis na cumais chomhchosúla do na blianta a bhfuil an Teachta Dála ag tagairt dóibh. Léiríonn an figiúr seo 2% d’fhoireann iomlán na Roinne seo (344). Déantar athbhreithniú rialta ar an mbuíon seo de na baill foirne atá ann ar bhonn deonach agus rinneadh athbhreithniú uirthi le déanaí agus an tríú Scéim Teanga de chuid na Roinne á hullmhú, a tháinig i bhfeidhm ar an 3 Márta 2014.

I gcomhréir le polasaí an Rialtais, i scéimeanna teanga amach anseo a bheidh de dhíth faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla sonrófar aon phoist/réimsí ina bhfuil an dátheangachas de dhíth.

Barr
Roinn