Tacaíonn mo Roinn leis na céimeanna a d’fhaomh an Rialtas chun tacú le hinniúlacht na Gaeilge sa státseirbhís, agus tá sí tiomanta do sheirbhísí trí Ghaeilge a sholáthar agus freagraí a thabhairt ar chomhfhreagairt trí Ghaeilge nuair atá sé de dhíth. Cuireadh iniúchadh scileanna i gcrích i 2012 a thaispeáin go bhfuil scileanna Gaeilge ar chaighdeán líofa nó ardleibhéal ag 55 oifigeach i mo Roinn, agus dhearbhaigh 160 oifigeach eile go bhfuil scileanna Gaeilge acu ar chaighdeán idirmheánach; is é seo timpeall ar 20% den fhoireann bhuan ag ceanncheathrú na Roinne.
Cuirtear ranganna Gaeilge ar fáil go rialta go hinmheánach i mo Roinn agus, ó 2010 go 2014, chláraigh 200 oifigeach chun freastal ar na ranganna seo. Spreagtar oifigigh na Roinne chun a scileanna Gaeilge a fhorbairt ina n-am féin agus tá mo Roinn sásta chun tacú le agus maoiniú a thabhairt do na hiarrachtaí seo.
Níl figiúirí comparáide ar fáil.