Léiríodh trí shuirbhé a rinneadh ar fhoireann riaracháin mo Roinne in 2013 go bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ag tuairim is 10% den fhoireann. Chuir 1.5% den fhoireann riaracháin in iúl go raibh ardleibhéal inniúlachta sa Ghaeilge acu agus chuir 8.7% den fhoireann in iúl go raibh meánleibhéal inniúlachta acu.
I dteannta leis an bhfoireann riaracháin, tá ardleibhéal inniúlachta sa Ghaeilge ag mórán den fhoireann allamuigh ar nós cigirí agus síceolaithe oideachais. Ag an mbunleibhéal, cuireann an Chigireacht seirbhís dhátheangach chigireachta ar fáil do na scoileanna aitheanta go léir, scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna san áireamh. Ag an iar-bhunleibhéal, cuireann an Chigireacht seirbhís i gcigireacht na Gaeilge ar fáil agus cuireann sí seirbhís trí Ghaeilge ar fáil do na scoileanna Gaeltachta go léir agus do na Gaelscoileanna.
Tá Aonad Oiliúna agus Forbartha Foirne mo Roinne tiomanta do dheiseanna cuí oiliúna agus forbartha, oiliúint sa Ghaeilge san áireamh, a chur ar fáil don fhoireann go léir chun riachtanais tosaíochta ghnó a shásamh. Níl aon fhigiúirí i seilbh mo Roinne a bhaineann leis an líon foirne a raibh inniúlacht sa Ghaeilge acu in 2004, 1994, 1984 ná 1974.