Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Fhoireann Rannach

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 December 2014

Tuesday, 9 December 2014

Ceisteanna (496)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

496. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt cén líon daoine atá ag obair ina Roinn faoi láthair atá inniúil ar a chuid nó a cuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge; cén céatadán den fhoireann atá i gceist; comparáid a dhéanamh idir na figiúirí sin agus na figiúirí céanna i 2004, 1994, 1984 agus 1974. [47294/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is oth liom a rá leis an Teachta Dála nach bhfuil na staitisticí sin le fáil againn sa Roinn. Tá 429 oifigeach ina mbaill d'fhoireann na Roinne. De réir shuíomh ghréasáin inmheánach na Roinne, tá 19 oifigeach ann a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu.

Question No. 497 answered with Question No. 477.
Barr
Roinn