Bunaíodh mo Roinn ar an 2 Meitheamh, 2011 agus, dá bhrí sin, ní féidir comparáidí a dhéanamh idir an bhliain seo agus na blianta 2004, 1994, 1984 agus 1974.
As foireann iomlán de 572 duine, tá sé de chumas ar 65 hall foirne (11%) seirbhísí a chur ar fáil don phobal trí Ghaeilge ar bhonn rialta. Anuas air sin, tá leibhéil éagsúla inniúlachta sa Ghaeilge ag líon suntasach d’fhoireann mo Roinne, agus féadann siad úsáid a bhaint as an gcumas sin ina gcuid oibre ó am go ham. Den chuid is mó, is é a bheadh i gceist ná fiosrúcháin ó bhéal nó fiosrúcháin scríofa a thuiscint agus freagraí a thabhairt ar fhiosrúcháin ó bhéal.
Faoina Scéim Ghaeilge, tá mo Roinnse tiomanta d’oiliúint agus forbairt chuí a chur ar fáil don fhoireann uile, sa dá theanga oifigiúil, chun freastal ar riachtanais ár gcustaiméirí agus acmhainneacht iomlán na mball foirne a fhorbairt ar feadh a ngairm. Tá 15 ball foirne ag baint leasa faoi láthair as tacaíocht mo Roinne chun páirt a ghlacadh in oiliúint sa Ghaeilge nó chun freastal ar chúrsaí acadúla seachtracha sa Ghaeilge.