Mar a cuireadh in iúl don Teachta le déanaí, léiríodh trí shuirbhé a rinneadh ar fhoireann riaracháin mo Roinne in 2013 go bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ag tuairim is 10% den fhoireann. Chuir 1.5% den fhoireann riaracháin in iúl go raibh ardleibhéal inniúlachta sa Ghaeilge acu agus chuir 8.7% den fhoireann in iúl go raibh meánleibhéal inniúlachta acu.
De bharr an chineál oibre atá ar bun ag an Roinn tá ardleibhéal inniúlachta sa Ghaeilge ag cuid mhór den fhoireann ghairmiúil ar nós cigirí scoile agus síceolaithe oideachais. Ag an mbunleibhéal, cuireann an Chigireacht seirbhís dhátheangach chigireachta ar fáil do na scoileanna aitheanta go léir, scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna san áireamh. Ag an iar-bhunleibhéal, cuireann an Chigireacht seirbhís i gcigireacht na Gaeilge ar fáil agus cuireann sí seirbhís trí Ghaeilge ar fáil do na scoileanna Gaeltachta go léir agus do na Gaelscoileanna.
Faoi láthair, tá an Roinn in ann na seirbhísí thuas a chur ar fáil trí Ghaeilge áit gur gá. Sa chás go dtiocfadh deacracht chun cinn sna réimsí seo amach anseo, déanfaidh an Roinn machnamh ar chomórtas earcaíochta spriocdhírithe a reáchtáil ag a mbeidh sé riachtanach d'iarratasóir bheith inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla chomh maith leis na critéir ghairmiúla don phost a shásamh.
Tá Aonad Oiliúna agus Forbartha Foirne mo Roinne tiomanta do dheiseanna cuí oiliúna agus forbartha, oiliúint sa Ghaeilge san áireamh, a chur ar fáil don fhoireann go léir d'fhonn na riachtanais tosaíochta ghnó a fhreastal.