Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Fhoireann Rannach

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 16 December 2014

Tuesday, 16 December 2014

Ceisteanna (674)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

674. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt an bhfuil iniúchadh déanta fós ar na poist agus na réimsí oibre ina mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ag teastáil, de réir mar a thug an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe treoir don Roinn a dhéanamh; má tá an t-iniúchadh déanta, cad é líon agus cad iad céimeanna na bpost atá i gceist; cén líon de na poist sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla ann cheana féin; cén plean atá ann chun na poist eile a líonadh le daoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu; cén cháilíocht Ghaeilge atá riachtanach do na poist sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48382/14]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ba mhaith liom  a chur in iúl don Teachta Dála nach raibh an t-iniúchadh seo curtha ar siúl fós. Tá an Roinn ag súil go mbeidh an t-iniúchadh curtha ar bun chomh luath agus is féidir sa bhliain nua.

Barr
Roinn