Ceadaíodh rannpháirteacht an duine ainmnithe sa Scéim um Roghanna Comhshaol Talmhaíochta le héifeacht ón 1 ú Bealtaine 2013.
Faoi Rialacháin an AE a rialálann an Scéim sin agus scéimeanna íocaíochta limistéir-bhunaithe eile, ní mór seiceálacha cuimsitheacha riaracháin, lena n-áirítear tras-seiceáil leis an gCóras Aitheanta Dáileachtaí Talún, a thabhairt chun críche sular féidir aon íocaíocht a eisiúint. Tá na seiceálacha sin tugtha chun críche go rathúil i ndáil leis an mbliain Scéime 2013 agus eisíodh an íocaíocht iomlán chuig an duine ainmnithe – an 9ú Meitheamh 2014 a eisíodh 75% den íocaíocht agus an 8ú Meán Fómhair 2014 a eisíodh an 25% eile den íocaíocht.
Tá an t-iarratas i ndáil le 2014 á phróiseáil ag mo Roinn faoi láthair.