Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 14 January 2015

Wednesday, 14 January 2015

Ceisteanna (1016)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

1016. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt bunaithe ar an treoir a thug an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe do gach Roinn, cad é líon agus cad iad gráid na bpost dá mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag teastáil; cad é líon na bpost sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla iontu cheana féin, arna bhriseadh síos de réir gráid; cén cháilíocht Ghaeilge atá riachtanach do na poist sin; i gcás nach bhfuil an treoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe comhlíonta, cad é údar na moille agus cén uair a dhéanfar an scrúdú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1438/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

D'iarr an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe orainn scrúdú a dhéanamh ar an gceist seo. Tá súil againn go bhfuil an próiseas seo curtha chun críche againn chomh luath agus is féidir.

Barr
Roinn