Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Oileán

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 14 January 2015

Wednesday, 14 January 2015

Ceisteanna (1057)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

1057. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aici aon athruithe a dhéanamh ar chaighdeán nó ar mhinicíocht na seirbhísí aeir d’Oileáin Árann sa chonradh nua a thiocfaidh i bhfeidhm níos déanaí i mbliana; cén uair atá sé i gceist tairiscintí nua a lorg don tseirbhís; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [1423/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Níl cinneadh críochnúil tógtha go fóill maidir leis an gconradh úr don tseirbhís aeir d'Oileáin Árann. Mar is eol don Teachta, d’fhostaigh mo Roinn na comhairleoirí EY chun athbhreithniú a dhéanamh ar an tseirbhís aeir agus foilsíodh tuarascáil chuimsitheach anuraidh ina raibh moltaí éagsúla ann.

Mar eolas don Teachta, tá mo Roinn i mbun próisis tairisceana faoi láthair chun comhairleoirí a fhostú chun plé leis an bpróiseas tairisceana don tseirbhís aeir, ag tógáil na nithe thuasluaite san áireamh.

Barr
Roinn