Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Inniúlacht sa Ghaeilge sa Státseirbhís

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 14 January 2015

Wednesday, 14 January 2015

Ceisteanna (667)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

667. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Sláinte bunaithe ar an treoir a thug an Roinn Caiteachas Phoiblí agus Athchóirithe do gach Roinn, cad é líon agus cad iad gráid na bpost dá mbeidh státseirbhísigh atá inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag teastáil; cad é líon na bpost sin a bhfuil duine leis an gcumas cuí Gaeilge agus Béarla iontu cheana féin, arna bhriseadh síos de réir gráid; cén cháilíocht Ghaeilge atá riachtanach do na poist sin; i gcás nach bhfuil an treoir ón Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe comhlíonta, cad é údar na moille agus cén uair a dhéanfar an scrúdú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1433/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá seachtar ball foirne i mo Roinn, nó beagnach 2% den líon iomlán fostaithe sa Roinn, in ann a gcuid dualgas a chur i gcrích sa Ghaeilge agus sa Bhéarla araon. Tugtar freagra sa Ghaeilge ar an gcomhfhreagras ar fad a sheoltar don Roinn sa Ghaeilge and cuirtear aon cheisteanna teileafóin ar aghaidh chuig duine de na baill foirne atá inniúil sa Ghaeilge.

Agus aird á tabhairt ar bheartas Rialtais le haghaidh soláthar feabhsaithe seirbhísí sa Ghaeilge agus de réir Scéim Teanga bheartaithe na Roinne do 2015-2018 a cuireadh faoi bhráid an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta lena formheas, tá an Roinn tiomanta do scrúdú a dhéanamh, faoi dheireadh na chéad bhliana den scéim, ar an ngá le haon phoist bhreise a bhféadfadh inniúlacht sa Ghaeilge a bheith ina riachtanas bunriachtanach ina leith a shainaithint.

Tuigeann an Roinn go gcuirfear san áireamh i bpainéil na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí don bhliain 2015 daoine ag a bhfuil inniúlachtaí sonracha sa Ghaeilge (ceadaithe ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe) agus bheadh sé mar rún ag an Roinn aon bhearnaí a shainaithnítear inár soláthar foirne reatha sa réimse seo a líonadh ó na painéil sin agus/nó seirbhísí oiliúna na Gaeilge ceadaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a úsáid chun na hinniúlachtaí atá ag ár bhfoireann reatha a fhorbairt .

Barr
Roinn