Tá an obair thógála ar an Lárionad Forbartha Teanga i mBaile an Fheirtéaraigh beagnach críochnaithe ag an bpointe seo, seachas roinnt mionoibreacha atá á ndéanamh faoi láthair. Tá Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne bogtha isteach san fhoirgneamh ó thús mhí na Samhna 2014 agus bhog an naíonra isteach ann i mí na Nollag 2014. Tuigtear dom go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag lorg tionóntaí do na haonaid fiontraíochta atá faoina gcúram san fhoirgneamh. Tuigtear dom fosta gurb é an caiteachas iomlán go dáta ar an bhfoirgneamh ná €3.045 milliún, móide cáin bhreisluacha. Ceadaíodh deontas de €1,746,765 in 2013 ó mo Roinnse chun an Lárionad Forbartha Teanga a thógáil i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne. Tá €1,362,491 de sciar mo Roinne íoctha ag an bpointe seo. Íocfar an fuílleach nuair a bheidh an obair críochnaithe, na dearbhuithe agus na teastais chuí curtha ar fáil, agus gníomhas iontaobhais réitithe, aontaithe agus sínithe idir mo Roinn agus an Comharchumann.
Ní miste a lua gur ceadaíodh deontas de €26,197 ó mo Roinnse in 2014 chun cur ar chumas an Chomharchumainn fearais áirithe oifige a cheannach, mar aon le deontas de €36,000 i leith trealaimh don Ionad Tacaíochta Teaghlaigh.