Éamon Ó Cuív
Ceist:68. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a íocfar íocaíocht AEOS atá ag dul d’fheirmeoir (sonraí leis seo); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4031/15]
Amharc ar fhreagraDáil Éireann Debate, Wednesday - 28 January 2015
68. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a íocfar íocaíocht AEOS atá ag dul d’fheirmeoir (sonraí leis seo); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [4031/15]
Amharc ar fhreagraCeadaíodh rannpháirteacht an duine ainmnithe sa Scéim um Roghanna Comhshaol Talmhaíochta 2011 (AEOS 2) le héifeacht ón 1ú Meán Fómhair 2011 agus eisíodh íocaíocht iomlán i ndáil leis na blianta Scéime 2011, 2012 agus 2013.
Faoi Rialacháin an AE a rialálann an Scéim sin agus scéimeanna íocaíochta limistéir-bhunaithe eile, ní mór seiceálacha cuimsitheacha riaracháin, lena n-áirítear tras-seiceáil leis an gCóras Aitheanta Dáileachtaí Talún a dhéanamh, sular féidir aon íocaíocht a eisiúint. Tá na seiceálacha sin tugtha chun críche go rathúil i ndáil leis an mbliain Scéime 2014 agus eisíodh 75% den íocaíocht iomlán chuig an duine ainmnithe an 12 Nollaig 2014. Bheinn ag súil go n-íocfaí an 25% atá fanta go luath.