Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Íocaíochtaí Scéim na gCaorach Féaraigh

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 10 February 2015

Tuesday, 10 February 2015

Ceisteanna (269)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

269. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht le feirmeoir (sonraí leis seo) faoi Scéim na gCaorach Féaraigh do 2014; cén fáth go bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [5490/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Fuarthas iarratas faoi Scéim na gCaorach Féaraigh ón duine ainmnithe an 08 Bealtaine 2014.

De réir na dTéarmaí agus na gCoinníollacha a rialaíonn Scéim na gCaorach Féaraigh, b’éigean d’úinéirí tréada comhaireamh bliantúil den líon iomlán caorach ar a ngabháltas a chur ar ais chuig mo Roinn faoin dáta deiridh, an 14 Feabhra 2014. An 16 Aibreán 2014 a fuarthas an fhoirm áirimh caorach ón duine ainmnithe i mo Roinn. Bhí an dáta sin lasmuigh den tréimhse ama ceadaithe agus ar an drochuair mar sin, níl an duine ainmnithe cáilithe lena bhreithniú faoi Scéim na gCaorach Féaraigh 2014.

An application under the Grassland Sheep Scheme was received from the person named on 8 May 2014. As per the Terms and Conditions which govern the Grassland Sheep Scheme, flock owners were required to return an annual census of all sheep on their holding to my Department by closing date of 14 February 2014. The sheep census form for the person named was received by my Department on 16 April 2014 outside the allowable timeframe and therefore unfortunately the person named is not eligible for consideration under the 2014 Grassland Sheep Scheme.

Barr
Roinn