Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Íocaíochtaí Scéimeanna Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 11 February 2015

Wednesday, 11 February 2015

Ceisteanna (79)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

79. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo) faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste do 2009, 2010 agus 2011 agus faoin Scéim Íocaíochta Aonair do 2009, 2010, 2011 agus 2012; cén fáth go bhfuil moill leis na híocaíochtaí seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6251/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I dtaca le Ceisteanna Parlaiminte eile ar an ábhar seo, tá íocaíochtaí maidir leis an Scéim Íocaíochta Aonair agus le Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste do na blianta 2009, 2013 agus 2014 seolta cheana féin díreach chuig cuntas bainc ainmnithe an duine ainmnithe. Tháinig ceisteanna eile chun solais fad a bhí iarratais a fuarthas maidir leis na blianta 2010, 2011 agus 2012 á bpróiseáil. Réitíodh na ceisteanna sin le déanaí agus seolfar íocaíocht díreach chuig cuntas bainc ainmnithe an duine ainmnithe go luath.

Barr
Roinn