Níl aon socruithe ginearálta i bhfeidhm ag mo Roinnse faoina bhfuil stráicí móna curtha ar cíos ná ar léas i gConamara ná in aon áit eile. É sin ráite, tá roinnt socruithe sonracha i bhfeidhm, ar socruithe stairiúla iad go príomha. Mar shampla, tá cead ag trí theaghlach móin a ghearradh ar thailte Marconi, mar a thugtar orthu, ó dheas ón gClochán, de réir socruithe a rinneadh sular cheannaigh mo Roinn na tailte sin. Tá socrúcháin eile atá cosúil leo seo i bhfeidhm i ndail le stráicí móna ar Phortach Choill na Gloine i gContae Uíbh Fhailí agus i limistéar nach bhfuil ainmnithe os cionn Ghleann Crí i gCo. Chill Mhantáin, ar a dtugtar na Featherbeds. Ar phortach Dhoire Cinn Locha i gContae Mhaigh Eo, ta 14 stráice in úsáid, agus is iad bainteoirí móna a athlonnaíodh as Limistéar Caomhantais Speisialta Phortach na Fliuchmhuine an chuid is mó acu; tá móinchearta á n-éilimh ag roinnt teaghlach i bPáirc Náisiúnta Bhaile Chruaich agus i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha. Cuireadh tús le mórchuid na n-éileamh a bhaineann le Gleann Bheatha le linn ré Choimisiún Talún na hÉireann.