Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Fostaíocht sa Ghaeltacht

Dáil Éireann Debate, Thursday - 26 February 2015

Thursday, 26 February 2015

Ceisteanna (260)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

260. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén líon daoine atá fostaithe sa tionscal nua toitíní leictreonacha i gCorr na Móna, Co. na Gaillimhe; cén líon a bhfuil súil leis a bheith fostaithe ann ag deireadh na bliana seo; cén mhoill a bhaineann leis an tionscal seo a chur ar bun; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8687/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil ochtar fostaithe faoi láthair sa chomhlacht seo agus go bhfuil sé beartaithe go mbeidh 35 fostaithe sa ghnó roimh dheireadh na bliana. Tuigim ón Údarás fosta gur cuireadh moill ar fhorbairt sa chomhlacht mar gheall ar chúinsí a bhaineann le gnéithe oibriúchán, lóistíochta agus rialachán don táirge. Tuigtear don Údarás go bhfuil príomhaí an chomhlachta dóchasach, áfach, go mbeidh dul chun cinn sásúil á dhéanamh sa ghnó sna míonna amach romhainn.

Barr
Roinn