Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Faisnéis Fostaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 10 March 2015

Tuesday, 10 March 2015

Ceisteanna (626)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

626. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén líon de na fostaithe atá fostaithe sa mhonarcha toitíní leictreonacha i gCorr na Móna gur cainteoirí Gaeilge iad ón nGaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10189/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil coinníollacha sainiúla maidir le húsáid na Gaeilge sa Chomhaontú Deontais leis an gcomhlacht a bhfuil tagairt déanta dó ag an Teachta. Tuigim freisin ón Údarás go bhfuil sé curtha in iúl ag an gcomhlacht dóibh nach féidir leo na sonraí atá iarrtha sa cheist a chur ar fáil mar gheall ar dhualgais an chomhlachta faoin Acht um Chosaint Sonraí.

Barr
Roinn