Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 12 March 2015

Thursday, 12 March 2015

Ceisteanna (137)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

137. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara an bhfuil sé i gceist aige cruinniú a eagrú i gConamara faoin Green Low-Carbon Agri-Environmental Scheme, agus faoin gcomhbheartas talmhaíochta; an bhfuil sé i gceist aige a chinntiú go mbeidh oifigigh i láthair ag cruinniú mar seo a bheidh in ann plé le muintir na Gaeltachta i nGaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10885/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

D’fhógair mo roinn le déanaí go reáchtálfar sraith d'imeachtaí eolais timpeall na tíre, agus beidh na hábhair seo a leanas faoi chaibidil: GLAS, an Scéim Íocaíochta Bhunúsach, an Anaclann Náisiúnta agus Glasú. Reáchtálfar ceann de na cruinnithe sin in óstán Connemara Coast, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe an 25 Márta. Tá sé beartaithe go bhfreastalófar ar phobal níos leithne, agus ní hamháin pobal na gcainteoirí Gaeilge; dá bharr sin, reáchtálfar na himeachtaí trí mheán an Bhéarla. Beidh leaganacha Gaeilge de théarmaí agus coinníollacha na scéimeanna uile ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne go luath, áfach. Ina theannta sin, beidh an Roinn sásta glacadh agus dul i ngleic le ceisteanna trí Ghaeilge tríd an líne chabhrach le haghaidh GLAS ar an suíomh gréasáin: glas@agriculture.gov.ie.

Barr
Roinn