Foilsítear na critéir a úsáidtear chun críche poist mhúinteoireachta a leithdháileadh ar shuíomh gréasáin na Roinne gach bliain. Is é an phríomhthoisc a chuirtear san áireamh nuair a chinntear an leibhéal d'acmhainní foirne a sholáthraítear ag leibhéal na scoile aonair ná an sceideal foirne don scoilbhliain chuí agus an líon daltaí ar rolla ar 30 Meán Fómhair roimhe sin. Tá na socruithe foirne do bhunscoileanna don scoilbhliain 2015/16 leagtha amach i gCiorclán 0005/2015 mo Roinne atá ar fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinne ag www.education.gov.ie. Leagtar amach sa chiorclán na feabhsúcháin ar an sceideal foirne don scoilbhliain 2015/16 do scoileanna beaga. Is iad na feabhsúcháin seo ná tairseacha coinneála feabhsaithe don 2ú, don 3ú agus don 4ú múinteoir rangsheomra agus, ina theannta sin, na tairseacha feabhsaithe ceapacháin agus coinneála i gcomhair scoileanna iargúlta aon-oide.
Chomh maith leis sin, tá próiseas achomhairc ar fáil do scoileanna beaga. Tá sonraí faoi na critéir achomhairc leagtha amach sna socruithe foirne atá foilsithe. Chuir an scoil dá dtagraíonn an Teachta achomharc faoi bhráid lena bhreithniú ag an gcruinniú a bheadh ag an mBord Achomhairc um Fhoirniú Bunscoileanna i mí Mhárta 2015. Tionóladh an chéad chruinniú ag an mBord Achomhairc don bhliain 2015 an tseachtain seo caite. Tá socruithe curtha ar bun i mo Roinnse chun cinneadh an Bhoird a chur in iúl do scoileanna a bhfuil achomharc curtha faoi bhráid acu.
Feidhmíonn an Bord Achomhairc um Fhoirniú Bunscoileanna go neamhspleách ar an Roinn agus ní bhíonn dul thar a bhreith.