Is ionann an rollú reatha comhcheangailte sa 5ú rang sna scoileanna dá dtagraíonn an Teachta ná tuairim is 444 dalta. Comhdhéanfaidh na daltaí seo an 6ú rang a bheidh ag fágáil na bunscoile i Mí an Mheithimh 2016. Is ceart a thabhairt faoi deara go mbaineann na sonraí seo leis an scoilbhliain 2014/15 agus go bhfuil siad fós sealadach. Is ceart a thabhairt faoi deara chomh maith go bhfuil na scoileanna dá dtagraíonn an Teachta scaipthe thar limistéar geografach an-fhairsing amach ó lár na cathrach chomh fada amach le Sord agus Mullach Íde agus go bhfuil 3 scoil ina measc atá lonnaithe i gContae na Mí. Dá réir sin, ní dhéanfaí na rolluithe sna scoileanna seo a ghrúpáil le chéile nuair a bheifí ag breithniú na riachtanas ag an iar-bhunleibhéal.