Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Farantóireachta

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 15 April 2015

Wednesday, 15 April 2015

Ceisteanna (898)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

898. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aici fóirdheontas díreach a dheonú i leith an chostais a bhaineann le ticéid phaisinéirí ar an mbád farantóireachta go hÁrainn, á chur i gcuntas go bhfuil na hoileánaigh ar an oileán sin ag íoc i bhfad níos mó ar thicéid ná mar atá aon oileánaigh eile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [13865/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, níl aon chonradh ag mo Roinn faoi láthair chun seirbhís farantóireachta do phaisinéirí a chur ar fáil idir Ros an Mhíl agus Árainn (Inis Mór). É sin ráite, tuigtear dom go bhfuil an farantóir ag leanúint leis an tseirbhís chéanna i gcónaí gan aon chúnamh Stáit. Sa chomhthéacs seo, níl sé i gceist fóirdheontas díreach a dheonú i leith an chostais a bhaineann le ticéid do phaisinéirí ar an mbád farantóireachta go hÁrainn.

Barr
Roinn