Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Forbairt na nOileán

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 15 April 2015

Wednesday, 15 April 2015

Ceisteanna (916)

Joe Higgins

Ceist:

916. D'fhiafraigh Deputy Joe Higgins den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na pleananna atá aici don fhorbairt gheilleagrach agus chun poist a chruthú ar Chléire, Contae Chorcaí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14244/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil plean forbartha fostaíochta do Ghaeltacht Chorcaí, lena n-áirítear Cléire, le haontú faoi láthair. Tá an tÚdarás ag súil go n-aontófar na tionscnaimh agus na beartais is riachtanaí le heagraíochtaí eile Stáit, lena n-áirítear Comhairle Contae Chorcaí, le linn na tréimhse pleanála seo. Tá ionadaíocht ag an Údarás ar Ghrúpa Oileánda Iarthar Chorcaí agus ar Ghrúpa Áitiúil Gníomhaíochtaí Iascaigh an Iardheiscirt chun a chinntiú go bhfuil pobal Chléire agus na hoileáin ábhartha eile ag fáil an tairbhe is mó as seirbhísí agus tacaíochtaí an Stáit. Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil maoiniú leanúnach á chur ar fáil ag an Údarás d'fheidhmiú plean forbartha Chomharchumann Chléire Teo. Aontaítear plean forbartha ar bhonn bliantúil leis an gComharchumann a dhíríonn ar gach gné de shaol an phobail ar an oileán, idir sheirbhísí iompair agus cothabhála, forbairt turasóireachta, cúram leanaí agus seirbhísí pobail eile.

Tuigim fosta ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil plé leanúnach idir an tÚdarás agus pobail Chléire faoi na deiseanna forbartha ar an oileán. Cuireann an tÚdarás comhairle ar an bpobal faoi na deiseanna maoinithe agus tacaíochtaí eile atá ar fáil dóibh chun tograí gnó agus pobail agus tionscnaimh chultúrtha a chur chun cinn ar an oileán.

Barr
Roinn