Tá an fógra ag lorg tairiscintí do sheirbhís aeir d'Oileáin Árann don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2015 go dtí an 30 Meán Fómhair 2019 foilsithe anois le spriocdháta den 8 Meitheamh 2015 ag tairgeoirí seirbhísí aeir chun tairiscintí a dhéanamh.
Faoin iarratas ar thairiscintí, tá íosleibhéal seirbhíse in aghaidh na seachtaine i gceist, is é sin dhá eitilt fillte in aghaidh an lae, seacht lá na seachtaine, móide seirbhís iompair bóthair chun freastal ar na heitiltí sin. Mar atá i gceist faoin chonradh reatha, ní bheidh bac ar an chuideachta ar a mbronnfar an conradh níos mó seirbhísí ná an t-íosleibhéal sin a chur ar fáil.
San iarratas ar thairiscintí, leagtar síos uastáillí do thicéid don tseirbhís aeir. Tá ardú beag i gceist san iarratas ar thairiscintí ar na huastáillí sin, seachas mar atá i bhfeidhm faoin chonradh reatha.