Éamon Ó Cuív
Ceist:230. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aici maoiniú díreach a chur ar fáil don iris ‘An Timire’ má tharraingíonn Foras na Gaeilge an maoiniú atá á chur ar fáil don iris sin siar, ó tharla gurb í an iris Ghaeilge is faide atá á foilsiú agus go bhfuil fás agus forbairt tagtha uirthi le tamall anuas agus ós rud é nach bhfuil ar fáil ag an iris ach €6,000 in aghaidh na bliana; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [18064/15]
Amharc ar fhreagra