Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Eitilte

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 May 2015

Tuesday, 26 May 2015

Ceisteanna (1058)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

1058. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén uair a bhfuil súil aici go ndéanfar cinneadh maidir leis na hiarratais ar an tseirbhís aeir go hÁrainn; an bhfuil sí ar an eolas faoin imní atá ar phobal Oileáin Árann faoi na tairiscintí atá á lorg; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20112/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, tá an fógra ag lorg tairiscintí do sheirbhís aeir Oileáin Árann don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2015 go dtí an 30 Meán Fómhair 2019 foilsithe. Ar chúinsí teicniúla, tá síneadh suas go dtí an 22 Meitheamh 2015 curtha leis an spriocdháta lena nglacfar le tairiscintí. Tosófar ar an bpróiseas measúnaithe ina dhiaidh sin. Faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh, is gá go mbeidh an cinneadh déanta dhá mhí roimh thús an chonartha.

Ós rud é gur próiseas beo tairisceana atá i gceist anseo, ní fheictear dom go mbeadh sé cuí a thuilleadh a rá mar gheall air ag an bpointe seo.

Barr
Roinn