Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Pacáiste Sochair Teaghlaigh

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 May 2015

Tuesday, 26 May 2015

Ceisteanna (245)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

245. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den an Tánaiste agus Aire Coimirce Sóisialaí an bhfuil sé i gceist aici an liúntas teileafóin a thabhairt ar ais ó tharla go bhfuil an geilleagar ag feabhsú; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20693/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Bíonn sé mar chuspóir foriomlán ag an Rialtas ina chuid Cáinaisnéisí cosaint a thabhairt do na príomhrátaí leasa shóisialaigh. Tá caiteachas ar phinsin ag thart ar €6.675 billiún ar an mbloc caiteachais is mó sa Roinn i Meastachán 2015, ag léiriú thart ar 34.4% den chaiteachas foriomlán. Mar gheall ar athruithe déimeagrafacha, tá caiteachas na Roinne ar dhaoine scothaosta ag dul i méid bliain i ndiaidh bliana. B’éigean don Roinn foráil a dhéanamh i gcomhair €168 milliún i mbliana toisc an líon méadaithe pinsinéirí. Tá coinneáil ráta an phinsin Stáit agus príomh-íocaíochtaí eile fíorthábhachtach ó thaobh cosaint a thabhairt do dhaoine ó bhochtaineacht.

Mar thoradh ar an gcinneadh deireadh a chur leis an liúntas teileafóin, rinneadh coigilteas bliantúil €48 milliún, rud a d’fhág go raibh an Roinn in ann na gnéithe luachmhara eile den phacáiste sochair teaghlaigh a choinneáil cosúil leis an liúntas leictreachais agus gáis agus an ceadúnas teilifíse. Caithfidh an Roinn thart ar €237 milliún i mbliana ar na gnéithe sin den phacáiste sochair teaghlaigh le haghaidh breis is 415,000 custaiméir.

Tuigim go ríghéar an tábhacht atá le gach íocaíocht den sórt sin do chliaint na Roinne agus go háirithe iad sin atá ina gcónaí leo féin. Mar is eol don Aire, i gCáinaisnéis 2015, thugamar ar ais cuid de Bhónas na Nollag agus mhéadaíomar an liúntas maireachtála aonair go dtí €9 in aghaidh na seachtaine. Bheadh iarmhairtí buiséadacha ag aon chinneadh an liúntas teileafóin a chur ar ais agus bheadh orainn ár machnamh a dhéanamh air i gcomhthéacs na gcainteanna maidir leis an gcáinaisnéis.

Barr
Roinn