Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim um Roghanna Comhshaoil Talmhaíochta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 26 May 2015

Tuesday, 26 May 2015

Ceisteanna (381)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

381. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a íocfar deontas faoin Scéim um Roghanna Comhshaoil Talmhaíochta, AEOS, do 2014 le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén fáth go bhfuil moill ar an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20086/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ceadaíodh rannpháirteacht an duine ainmnithe sa Scéim um Roghanna Comhshaoil Talmhaíochta 2011 (AEOS 2) le héifeacht ón 1 Meán Fómhair 2011.

Roghnaíodh iarratas an duine ainmnithe le haghaidh cigireacht ar an bhfeirm in 2014, lena linn ar tugadh neamhchomhlíonadh le Téarmaí agus Coinníollacha na Scéime ar aird. Gearradh tobhach pionóis ina leith. Íocadh an chéad tráthchuid d'íocaíocht 2014 chuig an duine ainmnithe an 15 Bealtaine 2015 agus íocadh an t-iarmhéid an 21 Bealtaine 2015. Níl aon íocaíochtaí amuigh ar an gconradh seo.

Barr
Roinn