Tá rún daingean ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil seirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar i nGaeilge agus/nó sa dá theanga dá custaiméirí – i 2013, forbraíodh tríú Scéim Ghaeilge na Roinne, faoi Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus dearbhaithe ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta. Leagan an Sceim Ghaeilge amach na gníomhartha atá á cur í gcrích sa Roinn chun usáid na Gaeilge a chur chun cinn agus tá sé mar aidhm leanúint de sheachadadh na rún daingean atá sa Scéim agus chun go gcuirfear leis an dul chun cinn a rinneadh i gcaitheamh thréimhse na Scéime a tháinig roimh ré. Coinníonn an Scéim Ghaeilge le prionsabail na Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí na Roinne agus cinníonn sí go fóill leis an cinntítear go n-éascófar le daoine ar mian leo a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge.
Tá Scéim Ghaeilge na Roinne ar fáil, i leagan Gaeilge agus leagan Béarla, ar shuíomh idirlín mo Roinne anseo:
http://www.environ.ie/ga/Foilsiuchain/SeirbhisiCorparaideacha/SeirbhisdoChustaimeiri/FileDownLoad,33833,ga.pdf.
http://www.environ.ie/en/Publications/CorporateServices/CustomerServices/FileDownLoad,20706,en.pdf .
Maidir le heagraíochtaí a bheith i gcomlíonadh le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003, is ábhar é sin don eagraíocht mar chomhlacht poiblí faoin Acht.