Tá sonraí a bhaineann le seirbhísí atá ar fail trí Ghaeilge ón Roinn seo mar pháirt de Scéim Ghaeilge na Ranna seo. Tá an Scéim faoi athbhreithniú faoi láthair agus táimid ag súil leis go mbeidh an próiseas seo curtha i gcrích go luath. Nuair atá an t-athbhreithniú seo críochnaithe, fógrófar sonraí na Scéime trí: Ráiteas Phreais; Fógra do chomhlachtaí cuí; Nasc chuig an Scéim ar láithreán gréasáin na Ranna: www.dttas.ie ; Bealaí eile, mar is cuí.
Maidir le na gníomhaireachtaí atá faoi chumas na Ranna seo, tá cóip den gCeist seolta chuig na gníomhaireachtaí seo le haghaidh freagra díreach a thabhairt don Teachta Dála ar an ábhar seo.
Muna bhfaigheann tú freagra laistigh de dheich lá oibre, téigh i dteagmháil le m'oifig phríobháideach.