Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 June 2015

Tuesday, 9 June 2015

Ceisteanna (1170)

Caoimhghín Ó Caoláin

Ceist:

1170. D'fhiafraigh Deputy Caoimhghín Ó Caoláin den Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt an bhfuil aon choinníoll teanga curtha ag gabháil aige leis an socrú i dtaobh na scaireanna in Aer Lingus a dhíol; an bhfuil súil ar bith aige a leithéid a bheith ann i bhfianaise a stádais mar aerlíne náisiúnta a bhaineann úsáid as méid áirithe Gaeilge mar atá; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21600/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Níl aon riachtanas ar Aer Lingus Gaeilge a úsáid faoi láthair, mar sin níl díolachán scairsheilbh na stáit ábhartha. Tá sé curtha in iúl ag IAG nach mbeidh aon athrú ar bhranda agus aitheantas Aer Lingus agus fanfaidh sé ina aerlíne Éireannach. Ar an mbonn sin, ní fheicim aon fáth go mbeadh athrú ar usáid Gaeilge na haerlíne.

Barr
Roinn