Cuireann mo Roinn seirbhísí fairsinge ar fáil go rialta don phobal i nGaeilge nó go dátheangach. Tá eolas faoi na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ó mo Roinnse leagtha amach i scéim teanga na Roinne a cuireadh i dtoll a chéile de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.
Tar éis próiseas comhairliúcháin poiblí a cuireadh i gcrích i mí na Bealtaine, tá mo Roinn ag dréachtú scéim nua Gaeilge i láthair na huaire, a thógfaidh ar an scéim reatha 2012-2015 ó thaobh soláthar éifeachtach agus éifeachtúil na seirbhísí trí Ghaeilge
Mar an gcéanna, tá eolas ar na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ó na heagraíochtaí atá faoi choimirce mo Roinne leagtha amach i scéimeanna Gaeilge na n-eagraíochtaí sin. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá mé freagrach as na scéimeanna teanga a aontú leis na comhlachtaí poiblí atá ainmnithe faoin Acht, lena n-áirítear comhlachtaí poiblí atá faoi chúram mo Roinne-se.