Is é an rud ar a ndíríonn obair Roinn an Taoisigh go príomha ná idirghníomhú le Ranna agus Gníomhaireachtaí eile Rialtais. Mar thoradh air sin, ní thugann an Roinn leibhéal suntasach d'éileamh ón bpobal ar sheirbhísí i nGaeilge faoi deara. Thug líon comhaltaí foirne sa Roinn le fios go bhfuil an inniúlacht sa Ghaeilge acu agus go bhfuil siad inniúil chun réimse seirbhísí a sholáthar i nGaeilge ar leibhéil áirithe chumais. Astu seo, sannadh beirt oifigeach ag a bhfuil ardleibhéal inniúlachta chun seirbhísí a sholáthar don phobal i nGaeilge, agus is leor an líon seo chun freastal ar an éileamh reatha. Aithníonn an Roinn an tábhacht a bhaineann le líon foirne a bheith ann atá líofacht acu sa Ghaeilge agus atá in ann seirbhísí a sholáthar i nGaeilge. I gcomhréir le beartas an Rialtais, sonrófar i scéimeanna teanga amach anseo de chuid na Roinne, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, na poist ina mbeidh riachtanas inniúlachta sa Ghaeilge. Anuas air sin, is gné de Chairt Chustaiméirí na Roinne úsáid na Gaeilge, ina luaitear go bhfreastalófar ar chustaiméirí ar mian leo tabhairt faoina ngnó i nGaeilge.