Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 June 2015

Tuesday, 9 June 2015

Ceisteanna (308)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

308. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Airgeadais cé na bearta atá á ndéanamh ag a Roinn chun an pobal a chur ar an eolas faoi na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ón Roinn agus ó na heagraíochtaí atá faoi choimirce na Roinne; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21522/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá na seirbhísí a chuireann an Roinn seo ar fáil mar aon lenár gcuid aidhmeanna do na trí bliana le teacht leagtha amach sa Dara Scéim Teanga 2014-2017 atá ar fáil ar ár suíomh Gréasáin ag http://www.finance.gov.ie/sites/default/files/Dara%20Sc%C3%A9im%20Teanga%20na%20Roinne%20Airgeadais%202014-2017.pdf.  Go háirithe, cuirtear roinnt faisnéise faoin mBuiséad bliantúil agus preaseisiúintí ar fáil i nGaeilge.  Maidir le comhlachtaí faoi choimirce na Roinne, ghlac siad le beartais agus le gníomhartha ar leith chun úsáid na Gaeilge ina n-eagraíocht a chur chun cinn.

Barr
Roinn