Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 June 2015

Tuesday, 9 June 2015

Ceisteanna (443)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

443. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cé na bearta atá á ndéanamh ag a Roinn chun an pobal a chur ar an eolas faoi na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ón Roinn agus ó na heagraíochtaí atá faoi choimirce na Roinne; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21515/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I ndiaidh tacaíocht traspháirtí a fháil i dTithe an Oireachtais, foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 i Nollaig 2010. Leagtar amach sa Straitéis naoi limistéar le haghaidh gnímh, lena n-áirítear seirbhísí poiblí. I measc chuspóirí na Straitéise, tá an líon daoine a mhéadú a úsáideann seirbhísí an Stáit trí mheán na Gaeilge. Luaitear i gClár an Rialtais, 2011-2016 go dtacóidh an Rialtas leis an Straitéis agus go dtabharfaidh siad faoi na spriocanna is féidir a bhaint amach a bheartaítear sa Straitéis.

Tá an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta freagrach, go príomha, as ceisteanna lena mbaineann an Ghaeilge agus tá idirchaidreamh iomlán idir mo Roinn agus an Roinn sin chun cabhair a thabhairt chun an Straitéis a chur chun cinn agus go háirithe maidir le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn trí Scéim Gaeilge.

In 2006, chuir mo Roinn a gcéad Scéim Gaeilge i gcrích agus tá deireadh á chur againn faoi láthair le Scéim nua, a bhfuiltear ag súil leis a fhorbróidh agus a mhéadóidh úsáid na Gaeilge i mo Roinn.

Tabharfar cuntas sa Scéim Gaeilge nua ar fhreagrachtaí mo Roinne chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus tabharfaidh sí faoin nGaeilge a chur chun cinn trí roinnt bealaí, lena n-áirítear:

- Aon chruinnithe a chuirtear ar bun i gceantair Ghaeltachta nó nuair a bhítear ag déileáil le saincheisteanna Gaeilge/Gaeltachta ar a bhfreastalaíonn an fhoireann atá inniúil sa Ghaeilge;

- Leanúint le hobair a dhéanamh go ndéanfar teanga oibre mo Roinne den Ghaeilge sna hoifigí atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta.

- Treoirlínte, bileoga faisnéise agus foirmeacha iarratais a sholáthar i bhformáid dhátheangach;

- Roinnt preaseisiúintí a chur ar fáil go dátheangach ar láithreán gréasáin mo Roinne.

Ceist atá sna bearta faoina dtugann na Comhlachtaí Stáit faoi choimirce mo Roinne a bhfuil ar na Comhlachtaí Stáit, iad féin, plé léi.

Barr
Roinn