Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí trí Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 9 June 2015

Tuesday, 9 June 2015

Ceisteanna (896)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

896. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála cé na bearta atá á ndéanamh ag a Roinn chun an pobal a chur ar an eolas faoi na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ón Roinn agus ó na heagraíochtaí atá faoi choimirce na Roinne; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21523/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá mo Roinn tiomanta do sheirbhís chuimsitheach trí Ghaeilge a chur ar fáil agus tá sí ag ullmhú a dara scéim teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 faoi láthair. Déanfaidh an scéim cur síos ar mholtaí chun a chinntiú go bhfuil seirbhís níos leithne, ar chaighdeán níos fearr, trí Ghaeilge ar fáil dár gcliaint. Foilseoidh an Roinn fógra sna meáin náisiúnta i mí an Mheithimh ag cur cuireadh roimh pháirtithe a bhfuil suim acu i dtaca le h-ullmhú scéime nua na Roinne aighneachtaí a chur isteach. Cuirfear gach aighneacht a fhaightear le linn ullmhúcháin na scéime, atá le cur os comhair an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta roimh dheireadh mhí Mheán Fómhair seo chugainn, san áireamh. Cuirfear an scéim ar fáil ar láithreáin gréasáin na Roinne, www.dfa.ie agus www.irishaid.ie.

Tá séirbhísí riachtanacha cosúil le Do Phas a Rianú, Conas Cur Isteach ar Phas agus Clárúchán Saoránach ar fáil trí Ghaeilge ar láithreán gréasáin lárnach na Roinne. Tá foilsiúcháin a bhí eisithe le déanaí ag an Roinn, "An Ráiteas Straitéise 2015-2017" agus "An tOileán Domhanda: Beartas Eachtrach na hÉireann maidir le Domhan atá ag Athrú", chomh maith le comhairle taistil agus preasráitis áirithe, ar fáil i nGaeilge ar an láithreán ghréasáin chomh maith. Is féidir teacht ar leagan Gaeilge de láithreán gréasáin na Roinne trí leathanaigh gréasáin na misean thar lear freisin.

Tá leagan Gaeilge de láithreán gréasáin Cúnamh Éireann, ar a bhfuil mioneolas ar chlár cúnaimh na hÉireann thar lear. Tá réimse fhoilsiúchán de chuid Cúnamh Éireann ar fáil i nGaeilge, cosúil le polasaí na h-Éireann ar fhorbairt idirnáisiúnta, "Domhain Amháin, Todhchaí Amháin", an tuarascáil bliantúil is déanaí agus an straitéis i leith na hAfraice.

Ní fheidhmníonn aon ghníomhaireacht faoi choimirce na Roinne.

Barr
Roinn