Caoimhghín Ó Caoláin
Ceist:952. D'fhiafraigh Deputy Caoimhghín Ó Caoláin den Aire Oideachais agus Scileanna conas mar atá ag éirí leis an scéim phíolótach páirt-tumoideachais a luaitear i dtuarascáil na Roinne, Iúil 2013 - Meán Fómhair 2014, ar dhul chun cinn i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, 2010-30, in alt 2.2 Páirt-tumadh / Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha; conas mar atá ag éirí leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí i gcomhar leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta maidir leis an scéim seo a chur i bhfeidhm; cén líon scoileanna, múinteoirí agus daltaí atá ag tabhairt fúithi; céard iad na scoileanna atá i gceist; cén oiliúint bhreise nó cé na hábhair tacaíochta bhreise a tugadh do na múinteoirí agus céard a bhí i gceist leo; an bhfuil aon mheasúnú á dhéanamh ar chur i bhfeidhm na scéime agus ar thorthaí na scéime trí chumas a mheas nó an bhfuiltear ag súil lena leithéid a dhéanamh; an bhfuil sé i gceist an líon scoileanna a bhfuil an scéim phíolótach ar siúl iontu a mhéadú sa bhliain acadúil 2015/16; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [21601/15]
Amharc ar fhreagra