Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Teanga Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 18 June 2015

Thursday, 18 June 2015

Ceisteanna (11)

Seán Ó Fearghaíl

Ceist:

11. Deputy Seán Ó Fearghaíl asked the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht ar léigh sí an tuarascáil ina n-iarrtar coimisiún praínneach chun an Ghaeilge a shábháil sa Ghaeltacht [23873/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag déanamh tagairt don tuarascáil dar teideal Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2006-2011, a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta le déanaí. Is éard atá sa tuarascáil seo ná nuashonrú ar an Staidéir Cuimsitheach Teangeolaíoch 2007, ag tógáil torthaí na gceisteanna teanga ó Dhaonáirimh 2006 agus 2011 san áireamh. Ba é an tÚdarás féin a choimisiúnaigh an taighde seo, a bhfuil sé mar aidhm aige eolas a chur ar fáil do na heagraíochtaí pobail atá ag tabhairt faoi phleananna teanga a ullmhú sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012. Cé go n-aithnítear go léiríonn an tuarascáil na dúshláin mhóra atá le sárú maidir leis an nGaeilge sa Ghaeltacht, ní mór an comhthéacs ina bhfuilimid ag feidhmiú a thuiscint. Is í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge bunchloch pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge. Tá an Straitéis á cur i bhfeidhm go córasach ag réimse páirtithe leasmhara, lena n-áirítear Ranna Rialtais, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta. Foilsíodh an Straitéis in 2010, tar éis tacaíocht traspháirtí a bheith faighte i dTithe an Oireachtais agus próiseas cuimsitheach comhairliúcháin agus taighde a bheith curtha i gcrích, lena n-áirítear tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta 2002 agus an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch 2007. Tá an Straitéis bunaithe ar chur chuige iomlánaíoch, comhtháite, agus tá sé soiléir ó na tuairiscí ar dhul chun cinn atá foilsithe go dáta go bhfuil forás suntasach á dhéanamh ar chur i bhfeidhm na réimsí gnímh atá sonraithe ann.

Tuigim go maith an dinimic a bhaineann le hathrú teanga agus an brú atá ar mhionteanga mar thoradh ar cheannas an Bhéarla. Sa chomhthéacs sin, tá sé tábhachtach a lua go bhfuil cosaint shuntasach bhunreachtúil agus reachtach tugtha don Ghaeilge ag an Stát ó bunaíodh é. Ina theannta sin, is é polasaí an Rialtais tacú le tuismitheoirí atá ag tógáil a gclann le Gaeilge sa Ghaeltacht agus tá scéimeanna tacaíochta éagsúla ag mo Roinn agus ag Údarás na Gaeltachta chun an polasaí sin a chur i bhfeidhm.

Mar fhocal scoir, ní mór a thuiscint go bhfuil céimeanna praiticiúla á dtógáil ag an Stát chun feabhas a chur ar chúrsaí. Mar shampla, tá dréachtpholasaí do sholáthar oideachais i gceantair Ghaeltachta foilsithe ag an Aire Oideachais agus Scileanna agus tá próiseas comhairliúcháin ar an dréachtpholasaí sin ar siúl faoi láthair ag a Roinn, i gcomhar le mo Roinn féin.

Barr
Roinn