Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Gníomhaireachtaí Rannacha

Dáil Éireann Debate, Thursday - 18 June 2015

Thursday, 18 June 2015

Ceisteanna (32)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

32. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na scéimeanna ar fad a bhí á riaradh ag a Roinn i Márta 2011 agus atá faoi chúram Údarás na Gaeltachta anois; cad iad na scéimeanna atá an Roinn ag beartú a chur faoi chúram an Údaráis as seo go deireadh thréimhse an Rialtais seo; cén chúis atá leis an mbeartas seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [23543/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá comhphlé ar bun le tamall anois idir mo Roinn agus Údarás na Gaeltachta maidir leis na bealaí go bhféadfaí cur le héifeacht na scéimeanna agus na ngníomhaíochtaí a thagann faoi scáth an dá eagraíocht agus an luach is fearr ar airgead a fháil don Státchiste. Tá sé seo á dhéanamh i gcomhthéacs chur i bhfeidhm córasach na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Tá sé á dhéanamh fosta i gcomhthéacs na bhfreagrachtaí breise atá sainithe don Údarás faoi Acht na Gaeltachta 2012 mar a bhaineann sé le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht.

Ag eascairt as an bplé sin, aontaíodh go n-aistreofaí an fhreagracht do Scéim na gCampaí Samhraidh sa Ghaeltacht ó mo Roinn chuig Údarás na Gaeltachta. Tháinig an socrú sin i bhfeidhm ar an 15 Aibreán 2015. Tuigim go ndearna an tÚdarás cinneadh ina dhiaidh sin an fhreagracht maidir le reachtáil na scéime a thiomnú chuig Muintearas Teo., atá mar fhochuideachta de chuid an Údaráis. Níl aon socrú déanta ag an tráth seo aon scéim eile de chuid mo Roinne a chur faoi chúram an Údaráis.

Le gur féidir le mo Roinn agus leis an Údarás araon an leas is fearr a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil ón Státchiste ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, táthar ag díriú i gcónaí ar a bheith ag comhoibriú ar bhonn níos dlúithe ar an talamh sa Ghaeltacht. Is ar mhaithe le seirbhísí a sheachadadh ar an mbealach is éifeachtaí sa Ghaeltacht a bhíonn an comhoibriú seo ar siúl. Tá gníomhaíochtaí ar leith ar siúl ar an talamh sa Ghaeltacht ag Údarás na Gaeltachta agus ag eagraíochtaí de chuid an Údaráis, ar nós Ealaín na Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta, Óige na Gaeltachta agus Muintearas. Tá sé tábhachtach go mbeidh obair mo Roinne agus an Údaráis ar siúl ar bhonn comhtháite sa Ghaeltacht agus go mbeidh luach ar airgead ag an Státchiste as an infheistíocht a dhéantar sa Ghaeltacht.

Barr
Roinn