Aengus Ó Snodaigh
Ceist:620. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil cathain a chuirfidh sé dualgas reachtúil ar chomhairlí contae agus cathrach a chinntiú gur i nGaeilge amháin nó go dátheangach a bheidh gach ainm atá crochta in airde ar eastáit nó foirgnimh nua amach anseo; agus an bhfuil scéim aige chun iachall a chur ar eastáit phríobháideacha srl., a bhfuil an t-ainm orthu i mBéarla amháin faoi láthair athrú a dhéanamh thar thréimhse ainmnithe go Gaeilge nó iad a chur sa dá theanga. [25947/15]
Amharc ar fhreagra