Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí Tacaíochta Uathachais

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 July 2015

Tuesday, 14 July 2015

Ceisteanna (509)

Caoimhghín Ó Caoláin

Ceist:

509. D'fhiafraigh Deputy Caoimhghín Ó Caoláin den Aire Sláinte cén líon páistí atá ag feitheamh ar mheasúnú uathachais, cén líon daoine atá ag déanamh measúnuithe agus cén tréimhse ama a mbíonn páistí ag feitheamh ar mheasúnú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28269/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) a bhaineann na saincheisteanna ar leith a tharraing an Teachta Dála anuas. Dá réir sin, shocraigh mé go gcuirfí an cheist faoi bhráid FSS agus is ise a thabharfaidh freagra díreach don Teachta Dála. Mura bhfuil freagra faighte agat ó FSS laistigh de 15 lá oibre, déan teagmháil le m’Oifig Phríobháideach agus fiosróidh sí an t-ábhar léi.

Barr
Roinn