Beartaítear chun ceisteanna 147 agus 148 a fhreagairt lena chéile.
I gcaitheamh dhíospóireacht Chéim an Choiste ar an mBille Leasa Shóisialaigh agus Pinsean, 2011, bhí mé ar aon intinn leis na Teachtaí Dála sa mhéid gurbh fearr, más féidir, aistriúcháin Ghaeilge Billí agus Meabhráin Mhínithe ghaolmhara a chur ar fáil ag an tráth céanna a fhoilsítear leaganacha Béarla de na Billí.
Chun leagan Gaeilge den Mheabhrán Mínithe a fhoilsiú, áfach, theastódh go mbeadh an leagan Gaeilge den Bhille ar fáil ag tráth foilsithe an Bhille, chomh maith. Is amhlaidh atá an cás, go háirithe i gcás Billí casta teicniúla, áit a bhfuil gá le comhsheasmhacht sa téarmaíocht a úsáidtear sna haistriúcháin Ghaeilge ar théacs an Bhille agus ar na Meabhracháin Mhínithe ghaolmhara chun mearbhall a sheachaint.
Ós rud é go bhfuil Seirbhís Aistriúcháin Thithe an Oireachtais freagrach as leagan Gaeilge na mBillí a fhoilsiú, chuir mé in iúl do na Teachta Dálaí gur ceist í seo arbh fhearr a mbeadh na Teachtaí Dála, nó b’fhéidir Príomh-Aoirí Thithe an Oireachtais in ann déileáil léi.