Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cuanta agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 24 September 2015

Thursday, 24 September 2015

Ceisteanna (22)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

22. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aici airgead a chur ar fáil le síneadh a chur le céibh Inis Oírr agus le ligean don Chomhairle Contae pleanáil a dhéanamh le haghaidh chéim 2 agus 3 de chéibh Inis Meáin; an bhfuil iarratas faighte aici ón gComhairle Contae i ndáil leis na hoibreacha sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31992/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, is le Comhairle Contae na Gaillimhe na céanna seo. Cé go raibh comhfhreagras idir mo Roinn agus an Chomhairle maidir leis na forbairtí seo san am a caitheadh, níl buiséad ar fáil do mo Roinn faoi láthair le cuidiú leis an gComhairle Contae chun na hoibreacha seo a chur i gcrích.

Barr
Roinn