Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Forbairt na nOileán

Dáil Éireann Debate, Thursday - 24 September 2015

Thursday, 24 September 2015

Ceisteanna (234)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

234. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an mbeidh forbairtí ar ché Inis Oírr agus ar ché an Chalaidh Mhóir ar Inis Meáin san áireamh sa chlár caipitiúil atá le fógairt go luath; cén méid airgid a bheidh i gceist sa chlár seo do na hoileáin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [32573/15]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Mar is eol don Teachta, is le Comhairle Contae na Gaillimhe na céanna seo. Ós rud é nach bhfuil an clár caipitil don tréimhse 2016-2021 fógartha ag an Rialtas, ní féidir a rá céard a bheidh san áireamh sa chlár sin go dtí go bhfógraítear é.

Barr
Roinn